I bhfianaise thiomantas athnuaite an Choimisiúin do phobail tuaithe agus d’fhorbairt na gceantar tuaithe, moltar Plean Gníomhaíochta um an Tuath sa Teachtaireacht seo. Leis an bplean, déanfar an méid seo a leanas:
- comhtháthú críochach a chothú agus deiseanna nua a chruthú chun gnólachtaí nuálacha a mhealladh;
- rochtain ar phoist ardchaighdeáin a chur ar fáil;
- scileanna nua agus scileanna feabhsaithe a chur chun cinn;
- bonneagar agus seirbhísí níos fearr a chinntiú;
- ról na talmhaíochta inbhuanaithe agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha éagsúlaithe a ghiaráil.
Is éard atá sa chuid théamach ceithre bhloc gníomhaíochtaí, naoi dtionscnamh shuaitheanta agus cúig cinn déag de ghníomhaíochtaí a ghabhann leo.
Le gach gníomhaíocht tabharfar réimsí éagsúla beartais an Aontais le chéile chun an fhís, agus na comhspriocanna a ghabhann léi, a bhaint amach.
Cuirtear an pictiúr mór i gcrích le sé cinn de ghníomhaíochtaí trasearnálacha.