Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Rural Vision

An fhís tuaithe – deich gcinn de chomhspriocanna

I. Spásanna tarraingteacha, forbartha i bhforbairt chríochach chomhchuí, a n-acmhainneacht shonrach a scaoileadh, tearmainn deise a dhéanamh díobh, agus réitigh áitiúla a chur ar fáil chun dul i ngleic le héifeachtaí áitiúla na ndúshlán domhanda.

II. Páirt a ghlacadh i rialachas il-leibhéil áitbhunaithe, straitéisí comhtháite a fhorbairt agus úsáid á baint as cineálacha cur chuige atá comhoibríoch agus rannpháirteach, tairbhe a bhaint as meascáin shaincheaptha de bheartais agus as idirthuilleamaíochtaí idir ceantair uirbeacha agus ceantair thuaithe.

III. Soláthraithe slándála bia, deiseanna eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí don tsochaí i gcoitinne, amhail ábhair agus fuinneamh bhithbhunaithe, ach táirgí áitiúla pobalbhunaithe ar ardchaighdeán agus fuinneamh in-athnuaite chomh maith, agus sciar cothrom den luach a ghintear a choinneáil.

IV. Pobail dhinimiciúla a dhíríonn ar an bhfolláine, ina measc sin slite beatha, cothroime, rathúnas agus cáilíocht saoil, ina gcónaíonn agus ina n-oibríonn gach duine go maith le chéile, a bhfuil cumas leordhóthanach acu tacaíocht fhrithpháirteach a fháil.

V. Pobail chuimsitheacha ina bhfuil dlúthpháirtíocht idirghlúine, cothroime agus athnuachan, atá oscailte do dhaoine nua agus ina ndéantar comhionannas deiseanna a chothú do chách.

VI. Foinsí dúlra faoi rath, arna bhfeabhsú le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais agus lena rannchuidítear leis na cuspóirí céanna sin, an aeráidneodracht san áireamh, chomh maith le bainistiú inbhuanaithe acmhainní nádúrtha.

VII. Tairbhe iomlán a bhaint as an nuálaíocht dhigiteach agus rochtain chomhionann ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, litearthacht dhigiteach fhorleathan agus deiseanna chun scileanna níos forbartha a fháil.

VIII. Daoine fiontraíocha, nuálacha agus oilte, agus dul chun cinn teicneolaíoch éiceolaíoch sóisialta á chruthú acu i gcomhar lena chéile.

IX. Áiteanna beoga ina bhfuil seirbhísí poiblí agus príobháideacha atá éifeachtach inrochtana inacmhainne, seirbhísí trasteorann ina measc sin, lena gcuirtear réitigh shaincheaptha ar fáil (amhail iompar, oideachas, oiliúint, sláinte agus cúram, agus cúram fadtéarmach, saol sóisialta agus gnó miondíola ina measc).

X. Áiteanna éagsúlachta, agus an leas is fearr is féidir á bhaint as na sócmhainní, na buanna agus an acmhainneacht ar leith a ghabhann leo.